Tá BIR an-bhuíoch dosna daoine agus dosna heagraíochtaí seo a leanas:
- An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta as na deontais caipitil le haghaidh an bád, an fhoirgneamh agus an trealamh.
- Meitheal Forbartha na Gaeltachta trí Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh as an maoiniú iomláin i gcomhar cúrsaí traenála áirithe don chriú.
- Comhairle Contae Chiarraí agus Garda Chósta na hÉireann as na Deontais Cothabhála bliantúla a thugann siad.
- Seirbhísí tarrthála eile sa cheantar (Doire Fhíonáin, Baile an Bhuinneánaigh, an Scoil srl.) as an gcomhairle a thug siad dúinn agus sinn i mbun bunaithe BIR.
- Neil Ó Sé as an léas ar suíomh an tí báid.
- Muintir agus cáirde David Cooney a thug tacaíocht dúinn ó thús.
- Gach éinne a thug airgead do BIR ins an príomh-chistíocht chun BIR a bhunú sa bhliain 2006 – le bhúr gcabhair bhíomar ábalta €55,655 a bhailiú.
- Gach duine atá fós ag tabhairt tacaíocht do BIR trínár ócáidí cistíochta bliantúil, ar nós an X Factor.
- Agus na daoine a ghlacann páirt i traenáil agus eachtraí tarrthála BIR agus a chabhraíonn le hobair deisiúcháin agus riaracháin.